top of page

Download Policies

Polasaí Iompar

Polasaí Gearáin

Polasaí Teanga

Polasaí  Mhí-Úsáid as Alcól agus Substaintí

Polasaí um Chaomhnú Paistí

Polasaí Teagmhas Criticiúil.

Cód Teanga agus Iompar na Campaí

: Tá fóirdheonú atá ar fáil ó Mhuintearas Teo. (faoi Scéim na gCampaí Samhraidh) agus atá iarrtha i leith an champa seo ag brath ar an gcampa a bheith rite go hiomlán trí Ghaeilge ó thús go deireadh. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh Gaeilge líofa a bheith ag gach páiste a dhéanann freastal air, agus go bhfuil cód teanga agus iompair i bhfeidhm go gníomhach sa champa a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú go mbíonn gach deis ag páistí chun an Ghaeilge atá acu a threisiú tuilleadh. Chuige sin táimid ag súil go labhróidh gach páiste Gaeilge go leanúnach i rith an champa, agus a cinnteofar go gcuirfear an cód teanga i bhfeidhm go gníomhach. I measc na mbeartais a bheidh sa chód, dírítear d'aird ar an méid seo a leanas: Is féidir páiste a chur abhaile ar an bpointe gan aon aisíocaíocht ar tháille an champa má labhraíonn sé/sí i dteanga eile seachas Gaeilge. Glactar leis má labhraínn an páiste i mBéarla gur údar é sin don pháiste é féin a dhíbirt ón gcampa láithreach. Is ag Stiúrthóir an Champa a bheidh an bhreith dheireanach i ngach cás díbeartha, de bharr teanga eile a bheith á labhairt nó rialacha smachta a bheith á mbriseadh.

Cód iompair

• Cuirfear abhaile aon pháiste a chuireann as go mór don champa nó a dhiúltaíonn glacadh le gnáthdhisciplín.

• Cuirfear abhaile aon pháiste a mbeidh bulaíocht ar siúl aige/aici nó a bhagraíonn foréigean ar pháiste eile nó ar bhall den fhoireann.

• Cuirfear abhaile aon pháiste a fhágann limistéar an champa gan cead a bheith faighte aige/aici. Dearbhaím go bhfuil an cód teanga agus iompar thuasluaite léite agam agus go bhfuilim sásta glacadh leis 

bottom of page